“Sadhbh Ní Bhruinneallaigh,” Seosamh Ó hÉanaí

I’d ask no dowry for Sadhbh Ní Bhruinneallaigh
but for Inis Gé and the right to stalk rabbits
Óró, Sadhbh, Sadhbh Ní Bhruinneallaigh
A chuisle, a stóirín, elope and leave with me

I’m a Bád Mór master on the Galway roads
I could wet nine sods and take on no seawater
Óró, Sadhbh, Sadhbh Ní Bhruinneallaigh
A chuisle, a stóirín, elope and leave with me

A Bád Mór master I’ll never accept
When conditions are fair they’re not likely to stay
Óró, Sadhbh, Sadhbh Ní Bhruinneallaigh
A chuisle, a stóirín, elope and leave with me

There’s not a stitch on the body of Sadhbh Ní Bhruinneallaigh
But an old brown coat with no bodice nor sleeve
Óró, Sadhbh, Sadhbh Ní Bhruinneallaigh
A chuisle, a stóirín, elope and leave with me

I’m a good man in a boat, a great man at the oars,
The man with shovel and loy at both ends of the ridge
Óró, Sadhbh, Sadhbh Ní Bhruinneallaigh
A chuisle, a stóirín, elope and leave with me

Ní iarrfainn de spré le Sadhbh Ní Bhruinneallaigh
Ach baile Inis Gé is cead éaló ar choiníní
Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh
A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom

Máistír báid mhóir mé ag dul ród na Gaillimhe
D’fhliuchfainn naoi bhfód is ní thógfainn aon fharraige
Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh
A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom

Máistir báid mhóir go deo ní ghlacfad
Nuair a fhaigheann siad an chóir is dóigh nach bhfanann siad
Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh
A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom

Níl folach a cabhaile ar Shadhbh Ní Bhruinneallaigh
Ach sean-chóitín donn gan chabhail gan mhuinchille
Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh
A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom

Fear maith i mbád mé, togha fear iomartha,
Fear sluasaid is láí ar dhá cheann an iomaire
Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh
A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom